top of page
Screenshot 2022-06-12 at 6.40.31 p.m._edited.jpg
Campa Uisce 2024
Ag teacht go luath!

Welcome

to

Comhar Chuigéal

Home: Welcome

Leabhar na Reiligí

Pictiúr Uiscedhatha

LEITIR MEALLÁIN MO DHÚCHAS

Togra grianghrafadóireachta 2023

Cuireadh do gach clann a ngrianghraf proifisiúnta a fháil

A chairde,
Is mise Seán Ó Mainnín, grianghrafadóir profisiúnta lonnaithe ar an gCeathrú Rua,
Conamara. Is minic mé fostaithe ag Comhar Chuigéal, Muintearas, Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta, chun pictiúr d'ócáidí oifigiúla i Leitir Mealláin a fháil. Le tamall de bhlianta - le cead agus le tacaíocht ó Comhar Chuigéil - bhí sé i gceist agam tabhairt faoi thogra pictiúir a ghlacadh de gach duine agus gach clann sa cheantar ach chuir Covid siar é. Anois ag tús 2023 tá sé i gceist tosú leis. Níl aon chostas ar an seirbhís seo.

Sampla amháin atá sa phictiúr. Glacfar idir ghrúpaí agus daoine aonaracha
Agus bhur suim léirithe agus cead sínithe tugtha, glacfar na pictiúir i dtrí láthair, (a) i stiúideó i spás tugtha dom ag Comhar Chuigéil (b) in bhur dteach féin agus (c) taobh amuigh. Glacfar pictiúir clainne agus pictiúir aonaracha. Tabharfar prionta A4 amháin saor in aisce daoibh. Ach ní thabharfar amach aon phictiúr ná prionta eile. Tá sé i gceist taispeántas na bpictiúr clainne/daoine seo ar fad a chrochadh frámáilte nó ar chlár bán i spás de rogha Comhar Chuigéil ar feadh tréimhse. Níl aon teideal ar an dtaispeántas seo go fóill ach "Leitir Mealláin Mo Dhúchas" an ceann sealadach. I ndiaidh thréimhse an taispeántais d'fhéadfaí priontaí a
ordú. Sa stiúideó ní chóir go leanfadh an ghrianghrafadóireacht thar 25-30 nóiméad. Is liath nó dorcha a bheadh an cúlra, ní bán.

Chun a bheith páirteach sa togra seo líonaigí an fhoirm seo agus seol ar ríomhphost chuig
Eilín Peircín, Comhar Chuigéil ag...

cuigeal@gmail.com

Baileofar an t-eolas seo agus beimid i dteagmháil libh i rith na bliana maidir le seisiúin
stiúideó agus eile.

Cláraigh

Go raibh maith agat!

Fógra
comhar-chuigéal-lógó-480x270-bán_edited.png

Tá deontas faighte ag Ionad  Oidhreachta Leitir Mealláin & Gharumna ó Forum Chonamara faoin gClár Leader chun tabhairt faoi thionscadal nua i gCeantar na nOileán.  Déanfadh an tionscadal seo mapáil agus taiféad ar reiligí an Cheantair

Tá macasamhail don tionscadal le feiceáil sa nasc thíos. 

Galway-County-Council_edited.png

Beidh lá eolais  in Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin ar an 15ú Deireadh Fómhair ar a 10 r.n. chun an togra a phlé leis an bpobal, tá míle fáílte roimh aon duine a mbeadh suim acu a bheith páirteach sa togra.

Ranganna Cuilteáil

Beidh Ranganna Cuilteáil ag tosú ar ais i gComhar Chuigéal ar an 29/09/2022 ón 10.30 r.n. go dtí 12.30 ar feadh 8 seachtainí. Tá roinnt spásanna fágtha go fóill,  má tá suim agat sna ranganna cuir glaoch air Jacinta ag 087-8391386 nó ar Comhar Chuigéal ag 091 551553. Is í Ann Marie Horan an teagascóir. 

distant1_edited.jpg

FÚINN

Beagán Cúlra

Tá Leitir Mealláin suite ar imeall thiar thuaidh Chuan na Gaillimhe, Ceantar Gaeltachta i gcróilár Chonamara,   36 míle ó chathair na Gaillimhe.  Tá Leitir Mealláin  ar cheann de na trí Oileán ar a dtugtar Ceantar na nOileán 

Saibhir i nGaeilge agus sa chultúr, bhí ceangal láidir i gcónaí ag muintir Leitir Mealláin leis an bhfarraige, rud a fhágann gur gníomhaíocht eacnamaíoch thábhachtach don cheantar í feirmeoireacht agus tionscail na  feamainne.

Déan teagmháil linn.

Comhar Chugéal (Leitir Mealláin) Teoranta,
Leitir Mealláin,
Contae na Gaillimhe,
H91 CH7X,
Éire.

+353 91 551 553

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn

Go raibh maith agat!

Screenshot%202020-09-12%20at%2021.32_edited.jpg
1200px-Údarás-CMYK-Logo-White-&-Gold.j
Gaeltacht1 (2).png
bottom of page